Beidh gradam saoil a bhronnadh ar Dolores Keane
Beidh an ceoltóir sean nós, Lilliis Ó Laoire, ar an stáitse do Ghradam Ceoil TG4 2022 nó mar is fearr aithne orthu faoin am seo gradaim oscar an cheoil thraidisiúnta. Beidh roinnt aoi-láithreoirí eile ann ar an oíche fosta chun na gradaim a bhronnadh. Ina measc beidh siúd beidh an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn, Stephen Rea, Mary Black, Vincent Woods agus Liam O’Connor.
Tá ceoltóirí den chéad scoth fógartha do Ghradam Ceoil TG4 2022. Beidh an ócáid ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta Domhnach Cásca, Aibreán 17 ag 9.30pm, agus is cinnte gur oíche mhór shiamsaíochta a bheidh inti.
I measc fhaighteoirí Ghradam Ceoil TG4 2022 tá ceoltóir na bliana, Paddy Glackin, ceoltóir óg na bliana 2022, Diarmuid Ó Meachair, gradam saoil, Dolores Keane, amhránaí na bliana, Sarah Ghriallais, gradam comaoine, Edwina Guckian, grúpa ceoil na bliana, Skara Brae, cumadóir na bliana, Connie O’Connell.
Ar stáitse in éineacht le lucht Ghradam 2022, arb iad plúr na gceoltóirí iad sa cheol agus san amhránaíocht thraidisiúnta, beidh a gcuid aíonna speisialta ceoil féin, ina measc Dolores Keane Band, Cathy Jordan, Paddy McEvoy, Rory McGorman, Robbie Hannon, Neil Martin, Ryan Molloy, Áirc Damhsa, Stephen Doherty, David agus Patrick Doocey, Áine agus Francis O’Connor, Fiachanna Ní Cheallaigh, Eileen De Paor, Conal Ó Domhnaill agus Skara Brae.
Chomh maith leis sin, le linn an tseó bheo gradam seo, a bhfuiltear ag súil go mór leis agus a bheidh á chur i láthair ag láithreoirí TG4 Doireann Ní Ghlacáin agus Páidí Ó Lionáird, beidh ceol beo le cloisteáil ón seachtar a bhfuil Gradam Ceoil 2022 le bronnadh orthu agus aitheantas le fáil acu ar a gcumas agus ar a bhfuil déanta acu sa cheol traidisiúnta.
'Skara Brae’s emergence in the early 1970’s rejuvenated interest in Irish traditional singing at a time when it was in danger of dying out.'#Gradam25 | 17/04/2022@IrishCentral @TradTG4 https://t.co/CIFSMgsI1h
— TG4TV ♀️ (@TG4TV) April 7, 2022
Is féidir ticéid do Ghradam Ceoil TG4 2022 a fáil ar www.nch.ie ar €25 an ceann.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.gradam.ienó ceangail le Gradam Ceoil ar Facebook agus Twitter @GradamCeoil
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.