Search

04 Oct 2022

Imeachtaí ar na bacáin le Líonra Leitir Ceanainn

Neart deiseanna le Gaeilge a fhoghlaim agus a fhorbairt

Imeachtaí ar na bacáin le Líonra Leitir Ceanainn

Beidh seisiún ceoil traidisiúnta sa Silver Tassie ar an Domhnach, Bealtaine 8, le na Letterkenny Gaels agus Comhaltas Leitir Ceannain i láthair. Beidh na ceoltóirí ag seinm ceoil leo seo a tháinig go dtí an cheantar le páirt a ghlacfadh i bhFleadh Cheoil na Contae. Leanfaidh na sessúin ar aghaidh san Silver Tassie ar an dara Domhnach de gach mí. 

Beidh ceithre sheisiún do thuismitheoirí agus páistí le ceol, rainn, súgradh cruthaitheach a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ar siúl in oifig nua Líonra Leitir Ceannain, 7 Sráid an Chaisleáin, maidin Deardaoin, 10.30-11.30. Cuirfear tús le na seisúin ar Bealtaine 12 agus sé hí Suzanne McMonagle ó na Tootsies Beaga a bheas a reachtáil. 

Déanfar an Cailin Ciúin a léiriú san phictiúrlann ar Bealtaine 12. Beifear ag súil go dtiocfaidh grúpa le chéile san Backstage Bar and Grill ina dhiaidh le haghaidh cómhra agus craic ina dhiaidh. 

Beidh dhá sheisiún ceoil, Preab sa Cheol, saor in aisce, le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus a chuid cairde do pháistí faoi bliain déag d’aois ar an Satharn, Bealtaine 28, idir 12.30 agus 15.00 san Letterkenny Gaels Clubhouse. 

Tá oifigeach forbartha úr ag toiseacht le Líonra Leitir Ceannain ar Bealtaine agus beidh feachtas mór ar siúl acu sna seachtainí amach romhainn chun gnólachtaí a chur isteach do ghradaim ghnó GRADAIM.

Tá deireadh ag teacht le ranganna Gaeilge sa Líonra i láthair na huaire. Bhí trí scór go leith daoine ag foghlaim na teangan leo thar thréimhse cúpla mí. Toseoidh ranganna foirmeálta arís i ndiaidh an laethanta saoire an tsamhraidh ach idir an dá linn beidh neart deiseanna síosialta ann le Gaeilge a chleachtú agus a  fhorbairt. 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.