Thaistil na céadta ó Dhún na nGall go Béal Feirste ag an deireadh seachtaine le páirt a ghlacfadh í mórshiúl ag iarraidh go dtabharfar isteach reachtaíocht Ghaeilge chomh luath agus is féidir.
Bhí an mórshiúl seo tábhachtach ar go leor bealaí agus thug thar 10,000 duine dona boinn é ar an Satharn. Gheall Rialtas na Breataine arís le déanaí go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge agus tuairiscítear go ndéanfar fógra faoina leithéid an tseachtain seo.
Tír gan teanga, tír gan anam a bhéic siad seo a bhí páirteach sa mhórshiúl síochánta a shil mar abhainn síos trí chroí Bhéal Feirste. Bhí idir óg agus aosta i measc na sluaite. Sé an Dream Dearg a d'eagraigh an ócáid agus léirigh an tslua an láidireacht a mbáineann leis an eagraíocht. Níor ghlac sé ach cúpla seachtain an ócáid a éagrú - rud a léiríonn cáide chomh láidir le mían na ndaoine i dtaca leis an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.