Search

29 Sept 2022

Bláth na dTulach ar ghearrliostaí na ngradam foilsitheoireachta

Cnuasach gearrscéaltaí ó scríbhneoirí Uladh

Bláth na dTulach ar ghearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta

Tugadh le fios ar maidin inniu, Deardaoin, Lúnasa 25, go bhfuil Bláth na dTulach i measc séisar leabhar atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Séard atá ann Bláth na dTulach – Díolaim Ultach nó leabhar atá curtha in eagar ag Réaltán Ní Leannáin, foilsithe ag Éabhlóid. Is cnuasach gearrscéalta atá sa leabhar a déanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir as gach cearn de Chúige Uladh. 

Bhain haon déag teach foilsitheoireachta éagsúla gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná An tSnáthaid Mhór, Barzaz, Cló Iar-Chonnacht, Cló na nGael, Dalen Éireann, Éabhlóid, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Futa Fata, Leabhar Breac, Leabhair COMHAR agus Móinín.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí a bhain gearrliostaí na bliana amach”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím an obair fhiúntach atá ar siúl acu ar fad chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Tá gairmiúlacht, ard-chaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméid orainn an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana. Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sár chaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tréaslaím leis na foilsitheoirí, na húdair agus na maisitheoirí as áit a bhaint amach ar na gearrliostaí do na Gradaim Leabhar. Is ar scáth a chéile a bhíonn ár bhfoilsitheoirí, ár scríbhneoirí, ár maisitheoirí ag obair, agus iad ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá fás ag teacht ar an earnáil agus níos mó leabhar á léamh bliain i ndiaidh bliana. Ach tá rath fadtéarmach na hearnála seo ag brath ar rialtais thuaidh agus theas a aithint gur de dhlúth agus d’inneach forbairt mionteanga, saothrú a litríochta. Tá an t-am cuí ann anois cur leis an tacaíocht atá ar fáil don earnáil seo chun gur féidir tógáil ar an obair iontach atá ar siúl faoi láthair”.

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2022.

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.