Search

25 Sept 2022

Scéim nua do léiritheoirí i nDún na nGall fógartha ar na mallaibh

Deis iontach de léiritheoirí i nDún na nGall fógartha i nGaoth Dobhair

Scéim nua do léiritheoirí i nDún na nGall fógartha ar na mallaibh

TG4

D'fhógair TG4 i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta scéim nua forbartha drámaíochta ag ócáid do léiritheoirí teilifíse inniu sa GTeic i nGaoth Dobhair.  Is é aidhm na scéime nua borradh a chur faoin tionscal closamhairc i nGaeltacht Dhún na nGall.  Tá léirithe spéise á lorg ó chomhlachtaí léiriúcháin cáilithe chun forbairt agus léiriú a dhéanamh ar shraith dhrámaíochta a bheidh suite i gCúige Uladh agus a chraolfar le linn an phríomh-ama féachana ar TG4. Sraith sé chlár a bheidh caoga nóiméad an ceann ar fhad a bheidh i gceist agus d'fhéadfaí athchoimisiúnú a dhéanamh ar an tsraith go bliantúil.  Táthar ag súil go mbeidh deiseanna cómhaoinithe ar fáil don chomhlacht a éireoidh leis. 

Tá sraith chomhaimseartha suite i gCúige Uladh a bheidh dírithe ar an lucht féachana ginearálta á lorg. Smaointe dána, cruthaitheacha le stíl ar leith atá ag teastáil.  Ba cheart cur chuige láidir drámaíochta agus scéalaíochta a bheith sna hiarratais.  Script atá scríofa i nGaeilge atá dírithe ar an bpobal a labhraíonn Gaeilge go rialta atáthar ag súil léi, ach go bhfuil sé de chumas inti lucht féachana níos leithne a mhealladh freisin. 

Oibreoidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta i gcomhar le chéile chun deiseanna forbartha a chur ar bun atá dírithe go sonrach ar riachtanais na sraithe seo, scéalaíocht scripteanna agus áiseanna cuí léiriúcháin a fhorbairt ina measc. 

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an léiriú i bhFómhar 2023 agus go gcraolfar é ar TG4 in 2024.  

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont ag seoladh na scéime: "Tá áthas orm an scéim thábhachtach seo a fhógairt inniu i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Tá forbairt na hearnála léiriúchán neamhspleách sna ceantair Ghaeltachta ar cheann de phríomhspriocanna TG4 inár bhFís Tar Éis Covid. Is mian linn an earnáil anseo i nGaeltacht Dhún na nGall a threisiú agus a fhorbairt. Tá cáil ar leith ar an bpobal seo as a gcuid scileanna drámaíochta agus cruthaitheacha ar TG4 agus ba mhaith linn cur leis sin, tacú le comhlachtaí cruthaitheacha anseo agus deiseanna nua a chruthú a chuirfidh bonn faoin ngeilleagar áitiúil.”  

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: "Tá fáilte mhór á cur ag an Údarás roimh an scéim seo; tá dlúthbhaint ag Údarás na Gaeltachta leis an earnáil closamhairc ó chéad laethanta an tionscail sa nGaeltacht. Tá muid sásta gur féidir linn an tacaíocht seo a thabhairt,  a chuireann lenár gcomhpháirtíocht leanúnach le TG4 agus le haidhmeanna an Údaráis, maidir le forbairt na hearnála teilifíse sna réigiúin Ghaeltachta éagsúla."

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.