Bhí díograis, sár-iarracht agus spiorad an phobail le ceiliúradh i nGairmscoil Chú Uladh sa Ghaeltacht Láir ar na mallaibh ag an ócáid aitheantais. Chruinnigh pobal na scoile le chéile chun aitheantas a thabhairt do na daltaí a rinne iarracht mhór i réimsí éagsúla le linn na scoilbhliana. Cuireadh fearadh na fáilte roimh an aoi speisialta, Aodh Mac Ruairí, an tOifigeach Pleanála Teanga.
Labhair Aodh faoin ról speisialta atá ag na daltaí maidir leis an Ghaeilge. “Is í an Ghaeilge bhur dteanga féin” a dúirt sé, “Is sibhse a bheas ag iompar na Gaeilge ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile”. D’iarr sé ar na daltaí bheith misniúil faoin teanga, bheith muiníneach iontu féin faoin teanga a labhairt, mar tá an Ghaeilge fite fuaite istigh i gcroílár ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dteaghlaigh. “Ma labharann sibh í, mairfidh sí”, a dúirt sé.
Labhair an Príomhoide, Ciarán Mac Ruaidhrí faoi na héachtaí a rinne na daltaí i gcúrsaí tinrimh, acadúla, Gaeilge, spóirt, seach-churaclaim agus Eitis. Luaigh an leasphríomhoide, Sinéad Ní Dhochartaigh an tábhacht a bhaineann le meas agus cineáltas sa tsaol.
Bronnadh duaiseanna i gcuid mhór réimsí. Chuir ceol na ndaltaí go mór leis an ócáid fósta. Buíochas le Mhúinteoir Uí Mhorda a d’eagraigh an lá, agus le Múinteoirí Ní Chearra agus Nic Giolla Easpaig a chuidigh le linn na hócáide.
Awards Day in Gairmscoil Chú Uladh
Gairmscoil Chú Uladh’s school community came together recently to celebrate a wide variety of school achievements over the school year. Principal Ciarán Mac Ruaidhrí commended the spirit of initiative and attainment in the daily life of the school – framed within the school’s core values of An Ghaeilge, Barr Feabhais san Oideachais, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas. Vice-principal Sinéad Ní Dhochartaigh spoke of the importance of kindness, respect and community.
The students, parents and staff then listened to guest speaker Aodh Mac Ruairí, the Language Planning Officer in the Gaeltacht Láir. He spoke of the important role the students have in ensuring that the Irish language survives. “Speak it, and it will endure” he said. He commended the work the school is doing within the wider community of the Gaeltacht Láir, as it continues to provide an education through Irish to students not only from the local community, but from further afield also.
Prizes were awarded for both academic and extracurricular achievements, culminating in the Student of the Year award which Aodh presented to Sixth Year students, Lauren Ní Chearúill and Éirin Ní Bhaoill. Special thanks to Múinteoir Ó Mhorda who organised the event. Good luck to all our students who are currently sitting the state exams.

13. Tinreamh Iomlán-Full Attendance – Katerina Nahovitsnya, Ciara Ní Ghallachóir, Ethan Scott Mac Giolla Bhríde
DonegalLive

14. Scléip – Music Awards
DonegalLive

15. Guth an Scoláire: M. Brídgín Uí Cheallaigh le L-R: Conal Mac An Ultaigh, Orla Nic An Ultaigh, Lauren Nic A’ tSeachlainn, Darcie Ní Chathmhaoil, Teaghán Ní Chnáimhsí, Shay Ó Deoráin
DonegalLive

16. Ceannairí Scoile -School Prefects don bhliain seo chugainn le M.Criostóir Ó Dochartaigh: Aibhe Nic A’ Bhaird, Séamus Ó Baoill, , Jessica Nic Daibhidh, Aishling Nic Fhloinn
DonegalLive

