Láithreoirí Aimsire á lorg ag TG4
Táthar ag cur fáilte roimh iarrthóirí ar suim leo obair shealadach a dhéanamh
Tá TG4 at earcú dó phainéal láithreoirí aimsire i TG4 agus táthar ag cur fáilte roimh iarrthóirí ar suim leo obair shealadach a dhéanamh.
Tá fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil Gaeilge chruinn, líofa agus teacht i láthair taitneamhach acu. Cuirfear traenáil ar fáil agus mar sin ní gá taithí láithreoireachta a bheith agat.
Is iontach an deis é seo d’éinne a bhfuil suim acu i réimse na láithreoireachta. Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth, cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide acu atá ag teastáil. Chun iarratas a dhéanamh, seol mír físe nóiméad amháin - ag déanamh cur síos ort féin, mar aon le CV chuig [email protected] - roimh an spriocdháta Meitheamh 8.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus tabharfar cuireadh do dhaoine ar an ngearrliosta freastal ar lá trialacha scáileáin in TG4, Baile na hAbhann, i gContae na Gaillimhe ar Meitheamh 22.
Beidh na láithreoirí sealadacha a roghnaítear i mbun oibre i gCeannáras TG4 i gConamara ó am go chéile. I measc na ndualgas beidh míreanna láithreachais agus aimsire laethúla a ullmhú agus a chur i láthair, scripteanna a dhréachtú agus guth a chur leo do bhlaisíní TG4 agus cúram a dhéanamh d’ardáin shóisialta TG4. Chomh maith le seo d’fheadfá a bheith ag déanamh ionadaíochta ó am go chéile thar ceann TG4 ag ócáidí poiblí.
Is Láithreoir Aimsire agus leanúnachais le TG4 í Caitlín Nic Aoidh, dúirt sí: "Tá muid ríméadach go bhfuil painéal nua á earcú ag TG4. Is deis iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán. Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4: Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Páidí Ó Lionáird, Dáithí Ó Sé, agus mórán eile nach iad."