Search

02 Oct 2022

Meenacross Agricultural Show to feature in TG4 series

Beidh Aonach Amárach showcases the beauty of the Meenacross show

Meenacross agricultural show to feature in TG4 series

Seán Doohan - seó Mhín na Croise

The Meenacross Agricultural Show and all affiliated with the event will feature in the TG4 series Beidh Aonach Amárach. 

The care and commitment that people give to the produce and animals they enter in this show will be beautifully depicted by the TG4 production. The Meenacross show features on March 30. 

In this show we will see views of the local people who participate on an annual basis on this show. We will also see people taking photographs and videoing their entries to the show. 

I rith na bliana 2021, bhí foireann teilifíse ‘Beidh Aonach Amárach’ ag bailiú scéalta faoi na daoine díograiseacha sin a dhíríonn a n-aird ar na duaiseanna agus ar na ribíní dearga tábhachtacha sin. Thug siad cuairt ar fheirmeoirí caorach agus eallach, ar lucht na madraí aclaí, ar na báicéirí, na seodóirí, na caoladóirí agus iomaitheoirí eile a choinnigh orthu i rith an ama, bídís sa chomórtas nó ná bíodh.

Beidh an tsraith ag taisteal ar fud, fad na hÉireann – chuig seó na gcaorach i gCill Mhantáin, seó na madraí i gContae Mhaigh Eo, Balmoral agus seó na gcapall i gCill Mocheanóg. Beidh clár ann faoi chapaillíní Chonamara agus feicfidh muid seó ‘fíorúil’ i Mín na Croise i dTír Chonaill.

Sraith theilifíse sé chlár spraíúil, taitneamhach í seo a léireoidh saol na ndaoine sin a bhfuil paisean ar leith acu don saol faoin tuath agus don cheardaíocht. Inseofar a gcuid scéalta agus feicfimid an dua a chaitheann siad lena gcuid caitheamh aimsire agus lena gcuid oibre feirme. 

Le radhairc tharraingteacha, ainmhithe ar ardchaighdeán, scannánaíocht dhraíochtúil, agus scéalta nár insíodh cheana, is sraith í seo a mbeidh fonn ar dhaoine suí síos le cupán tae chun taitneamh a bhaint aisti.

Is é an comhlacht Strident Media i mBéal Feirste a rinne an tsraith, le cúnamh ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge do TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann.

Is í Bernadette Morris a léirigh agus a stiúir an tsraith agus is iad a leanas na léiritheoirí feidhmeacha: Kelda Crawford McCann agus Mairéad Ní Nuadháin do Strident Media; Karen Kirby do BBC NI; Áine Walsh don CCG agus Deirbhile Ní Churraighín do TG4. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.