Search

24 May 2022

Comóradh ar shaol agus ar oidhreacht Cholmcille ag Éigse Uladh

'Ar Thóir m'Anama' le Brian Friel

Comóradh ar shaol agus ar oidhreacht Cholmcille ag Éigse Uladh

Amharclann Ghaoth Dobhair

Is féile an-speisialta í Éigse Uladh a déantar a chomóradh go bliantúil i nGaoth Dobhair. Tá an fhéile ar siúl ó 1969, i leith. Gach bliain déantar duine nó imeacht a cheiliúradh agus i mbliana beidh siad ag déanamh comóradh ar shaothar agus ar óidhreacht áitiúil Cholmcille.

Déantar an féile a reachtáil ó 25-17 Feabhra, 2022.

Le linn na féile beidh taispeántas de thogra daltaí bunscoile le feiceál in Ionad Pádraig, Dobhar.

Tugtar Tarraingearachtaí Cholmcille ar an taispeántas atá eagraithe i gcomhar le Meitheal Pleanáil Teanga an Iarthuiscirt.

Ar an Aoine, Feabhra 25, beidh fáilitú sa Chrannóg. Beidh cur i láthair gineárálta ann leis an staraí iomráiteach, Brian Lacey. Beidh sóláistí ar fáil ina dhiaidh.

Ag meán lae, beidh deis ag daoine dul in éineacht leis an Dochtúir Brian Lacey ar thuras bus go Gartán. Beidh an bus ag fagáil An Chrannóg i nGaoth Dobhair agus gearrfar €5 ar dhaoine as an turas bus.

Ar an Satharn, beidh turas stairiúil ar fud an iarthuiscirt leis an staraí Seosamh Ó Ceallaigh.

Tugtar cuireadh de dhaoine teacht tráthnóna Dé Satharn ar a 4in agus éisteacht le ‘Beatha Cholmcille: An téacs, a fhoinsí agus a údar,’ taifid de léacht le Colm Ó Cuaig ar scáthlán, in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Tabhairfidh Ailbhe Nic Giolla Choill léacht chomh maith: ‘Colmcille i dtradisiún béil na Gaeltacht ó thús an 20ú haois i leith.’ Is cinnte go mbeidh go leor suim ag daoine sna leachtanna.

Tiocfaidh an drama ‘Ar Thóir m’Anama’ le Brian Friel chun stáitse ar a 8in.

Rinneadh an dráma seo i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

I ndiaidh an dráma beidh oíche cheoil leis an Chrann Óg san fhorhalla.

Cuirfear tús leis an Domhnach le hAifreann na hÉigse a bhéas a chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta as Teach Phobail Mhuire, na Doirí Beaga.

Bhí gaol láidir ag Colmcille le oileán Thoraí agus beidh turas isteach go Toraigh le treoraí áitiúil. Beifear ag tabhairt cuairt ar na láithreacha ar an oileán atá baint acu le Colmcille. Is cinnte go mbeidh sásamh iontach le baint as an ócáid seo. Beidh lón sa Chlub Theach i ndiaidh an turas. Rinneadh an ócáid seo a éagrú i gcomhar le Comharchumann Forbartha Thoraí.

Tráthnóna Dé Domhnaigh, beidh seirbhís éacúiméineach ag bun Chnoc na Naomh. Beidh sóláistí ina dhiaidh, ag ionad pobail Mhachaire Rabhartaigh, chun deireadh a chuir le hÉigse na bliana seo.

Tuilleadh eolas le fáil ag www.crannog.ie

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.