D’eirigh le scannán de chuid TG4, Sol, duais don clár do pháistí is fearr a bhaint amach ag Féile na Meán Cheilteach atá ar bun i Quimper sa Fhrainc faoi láthair.
Scannán é seo faoin suaitheadh a bhaintear as Sol nuair a fhaigheann a sheanmháthair, a raibh an-mheas aige uirthi bás. Trí shúile an pháiste pléann an scannán le gnéithe éagsúla den dobrón.
Mar sin is ardú meanman a thugann Sol dúinn. De bharr aistear Sol agus gach a tharlaíonn dó lena linn, faigheann sé amach gur cumhachtaí an grá atá aige dá sheanmháthair ná an dobrón a chruthaigh a bás. Tig leat an scannán ina iomláine a fheiceáil ag an nasc seo: https://nasc.tg4.tv/Sol
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. I Quimper sa Fhrainc atá Féile na bliana seo.
Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont: “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradaim chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite ag Sol ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.