Cloughaneely will host both the county and national Comórtas competitions
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta Thír Chonaill ar siúl ar Pháirc Naomh Fionán ar an Fhál Carrach an deireadh seachtaine seo agus CLG Chloich Cheann Fhaola i mbun an chomórtais i mbliana.
Tá traidisiún láidir ag an chlub sa chomórtas agus iad ag imirt ann ó bunaíodh an comórtas agus bhí an comórtas áitiúil i gCloich Cheann Fhaola go deireanach i 2017 agus bhí an comórtas náisiúnta ann sa bhliain 2011 agus tá an Comórtas Náisiúnta bainte acu faoi thrí i 1992, 1993 agus go deireanach i 2011 agus ba sa bhliain 2017 a bhain siad an comórtas áitiúil go deireanach.
The Donegal Comórtas Peile na Gaeltachta Finals will be hosted by Cloughaneely this weekend at Páirc Naomh Fionán in Falcarragh.
Cloich Cheann Fhaola are no strangers to Comórtas Peile na Gaeltachta and have a strong tradition in the Comórtas since its foundation, hosting the local competition in 2017 and the national competition in 2011 while they have won the national competition three times, in 1992, 1993 and more recently in 2011 and they last won the local competition in 2017.
Beidh féasta peile ann ón uair go gcaithfear isteach an chéad liathróid tráthnóna Dé Sathairn go dtí go séidfear an fheadóg dheireanach tráthnóna Dé Luain.
Imreofar dhá chluiche ar an tSatharn agus tabharfaidh Naomh Náille agus Naomh Columba aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Sóisear na mBan ag a 4i.n. agus leanfaidh Cluiche Ceannais Faoi 14 Sciath Uí Cheallaigh an cluiche sin agus an fhoireann baile agus Ard an Rátha ag dul i mbun coimhlinte leis an sciath a thabhairt leo.
Beidh cluichí leathcheannais na bhfear ar siúl ar an Domhnach ansin le Naomh Muire, Íochtar na Rosann agus Baile na nGallóglach ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus súil ag Naomh Muire deis a fháil Corn Uí Bhriain a thabhairt leo arís i mbliana agus beidh na comharsana Cloich Cheann Fhaola agus Gaoth Dobhair ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluichí leathcheannais sóisear na bhfear.
Tabharfaidh an fhoireann baile, Cloich Cheann Fhaola aghaidh ar Chill Chartha agus tabharfaidh Gaoth Dobhair aghaidh ar Ghleann tSúilí i gcluichí leathcheannais sinsear na bhfear. Beidh coimhlintí iontacha ann agus na foirne uilig ar thóir áit sna cluichí ceannais ar an Luan.
Imreofar cluiche ceannais Idirmheánach na mBan ar an Luan idir Naomh Conaill agus An Tearmann agus ansin imreofar cluichí ceannais sóisear agus sinsear na bhfear níos moille tráthnóna.
Beidh Comórtas an Chailín Ghaelaigh ar siúl thar an deireadh seachtaine chomh maith agus iarrthóirí ó chlubanna éagsúla páirteach. Beidh an clár, Barrscéalta a chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Pháirc Naomh Fionán ar an Luan idir 11-12i.n.
It will be a feast of football from the first throw in on Saturday afternoon until the final whistle on Monday evening.
Naomh Náille and Naomh Columba will begin the weekend’s proceedings in the Ladies Junior Final while the home team Cloich Cheann Fhaola and Ard an Rátha will compete in the U14 Sciath Uí Cheallaigh final afterwards.
Sunday will see the junior and senior men’s semi finals taking place with Naomh Muire, Íochtar na Rosann hoping to get a chance to defend Corn Uí Bhriain when they play Baile na nGallóglach in the first junior semi final while neighbours Cloich Cheann Fhaola and Gaoth Dobhair will meet each other in the other semi final in what will be a local derby.
The home side, Cloich Cheann Fhaola and Cill Chartha will face each other in the first senior semi final while Gaoth Dobhair and Gleann tSúilí will battle it out for the remaining spot in the senior final.
Monday will begin with the Ladies Intermediate Final between Naomh Conaill and current All Ireland champions an Tearmann while the junior and senior men’s finals will take place later in the afternoon. The Cailín Gaelach competition will also take place over the weekend with various clubs taking part
Tá obair mhór déanta ag CLG Chloich Cheann Fhaola le cúpla mí anuas agus iad ag ullmhú don chomórtas.
Rinneadh athchóiriú ar an pháirc cúpla bliain ó shin agus rinneadh obair ar an charrchlós le gairid fosta. Tá go leor oibre déanta ag oibrithe deonacha le cúpla mí anuas agus tá spiorad iontach sa chlub.
Cloich Cheann Fhaola have been preparing for the competition for the last number of months and a lot of work has been carried out during that time, much of it on a voluntary basis and there is great spirit in the club.
The pitch itself was newly resurfaced a couple of years ago and works have been carried out on the carpark recently as well.
Rachaidh na buaiteoirí ón chomórtas ar aghaidh chuig Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a bheas ar siúl i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí ar an deireadh seachtaine saoire bainc i mí an Mheithimh.
The winners will proceed to Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta which will be held in Cill na Martra in the Cork Gaeltacht on the June Bank Holiday weekend.
Tá fáilte roimh gach duine go Cloich Cheann Fhaola don deireadh seachtaine!!!
Socruithe
Dé Sathairn 4 Bealtaine
Cluiche Ceannais Sóisear na mBan
4:00i.n. Naomh Náille v Naomh Columba
Cluiche Ceannais Faoi 14 Sciath Uí Cheallaigh
6:00i.n. Cloich Cheann Fhaola v Ard an Rátha
Dé Domhnaigh 5 Bealtaine
Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear
12:00i.n. Naomh Muire, Íochtar na Rosann v Baile na nGallóglach
Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear
2:00i.n. Cloich Cheann Fhaola v Cill Chartha
Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear
4:00i.n. Cloich Cheann Fhaola v Gaoth Dobhair
Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear
5:30i.n. Gaoth Dobhair v Gleann tSúilí
Dé Luain 6 Bealtaine
Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan
12:30i.n. Naomh Conaill v An Tearmann
2:15i.n. Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear
4:00i.n. Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.