Áine Ní Bhreisleáin
Beidh Bladhaire á chraoladh beo ó Amharclann Ghaoth Dobhair do sheoladh oifigiúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2022. Bhí an fhéile le reáchtáil ag an Nollaig, ach cuireadh siar é de bharr chúrsaí sláinte poiblí, agus beidh sé ar siúl anois ó 14 – 18 Aibreán.
Beidh togha na gceoltóirí páirteach san fhéile, agus beidh cuid acu i láthair inniu chun tús breá bríomhar a chur le cúrsaí. Ina measc beidh Dermot Byrne agus Steve Cooney, Diane Cannon, Bríd Harper, baill de Na SíFiddlers, agus Caoimhín Mac Aoidh, fidléir agus údar.
Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh neart ceoil, craic agus siamsaíocht leis na haoi cheoltóirí, le lucht eagraithe na féile, agus le haíonna speisialta. Beidh neart imeachtaí ar siúl mar chuid den fhéile, ina measc ceardlanna ceoil, amhránaíochta agus damhsa le cuid de scoth-cheoltóirí an traidisiúin. Beidh an t-eolas uilig ag Áine agus an fhoireann dúinn ar chlár an lae inniu.
RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin 14 Aibreán / Thurs 14 April 3 pm
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.