Search

26 Jun 2022

Bronnfar duaiseanna ag Amharclann Ghaoth Dobhair ar scolairí drámaíochta

Is í Michelle Nic Grianna as RTÉ Raidío na Gaeltachta a bhéas i mbun na hócáide

Bronnadh ag Amharclann Ghaoth Dobhair dó dhramaí

Amharclann Ghaoth Dobhair

Bronnfaidh Michelle Nic Grianna, RTÉ Raidió na Gaeltachta, duaiseanna ar na scoileanna as Cúige Uladh a bhain duaiseanna ag Féile Náisiúnta Drámaíochta na Scoileanna sa Mhuileann gCearr le gairid, ar an Domhnach, Bealtaine 22 ag Amharclann Ghaoth Dobhair.

D'éirigh le Na Troill agus na Gabhair ó Scoil Dhoire Chonaire trí dhuais a bhaint le cois gur bhuaigh siad an léiriú is fearr ar dhráma ag an fhéile. 

Bronnfar duaiseanna chomh maith ar scolairí Phobailscoil Ghaoth Dobhair ar éirigh leo praghasanna a bhaint lena dtrí dhráma ag an fhéile. Bronnfar duaiseanna chomh maith ar scoil na Doirí Beaga ar éírigh leo trí dhuais a bhaint, le Scoil Éadan Fhionn Fraoich a bhain dhá ghradam agus Scoil na Crannóige, Gaelscoil Uí Néill, Coalisland agus Gaelscoil Ultáin, Muineachán ar éirigh go geal leo uilig. 

Tabharfar aitheantas chomh maith dó bheirt aisteoirí, Brian Mac Aodha, Scoil Mhuire, Doirí Beaga agus Caoimhe Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair atá bua na haisteoireachta acu mar a léiríonn na gradaim a bhain siad sa Mhuileann gCearr. Fáilte róimh chách ag an ócáid. 

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.