Search

29 Jun 2022

Síneadh leis an urraíocht ar Chraobhchomórtais na hÉireann i bPeil na mBan

Beidh 60 cluiche i gCraobhchomórtas na bliana 2022 ar fáil ó gach cearn den domhain

Síneadh leis an urraíocht ar Chraobhchomórtais na hÉireann i bPeil na mBan

Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus Uachtárán Chumann Pheil na mBan Mícheál Naughton

Tá síneadh cúig bliana fógartha ag TG4 inniu maidir le hurraíocht an stáisiúin ar Chraobhchomórtais Idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan. 

Ag seoladh Chraobhchomórtais na hÉireann TG4 2022, dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurbh ionann an comhaontú nua agus “comhpháirtíocht spóirt is tábhachtaí TG4 a bheith níos tréine agus níos treisithe.” 

Cuireann an comhaontú seo síneadh le hurraíocht agus comhaontú cearta craoltóireachta seanbhunaithe TG4 le Cumann Pheil na mBan (LGFA) - agus cinntíonn go n-oibreoidh na comhpháirtithe go dlúth lena chéile in 2024 chun 50 bliain ó bunaíodh an LGFA a cheiliúradh. 

Is é TG4 príomhurraitheoirí Chraobhchomórtais na hÉireann i bPeil na mBan ón mbliain 2002 agus tá athrú tagtha ar an gcomhpháirtíocht sin go bhfuil sí ar an cheann is mó aitheantais agus is nuálaí anois i saol an spóirt. 

Seo é an dara babhta athnuachan déanta ar mhór-urraíocht an LGFA in 2022. Tá geallta ag Lidl, páirtnéirí miondíola an LGFA, urraíocht a dhéanamh go ceann ceithre bliana eile ar an tSraith Náisiúnta go dtí 2025 agus an bhliain sin san áireamh. 

Tá geallta ag TG4 trí cinn déag de na cluichí a chraoladh beo le linn Chraobhchomórtais na hÉireann 2022, an chéad cheann acu sin Dé Sathairn an 11 Meitheamh nuair a chraolfar dhá chluiche as na babhtaí grúpa i gCraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4. 

Beidh sceideal an tsamhraidh ar siúl go dtí lá chluichí ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh an 31 Iúil nuair a dhéanfar an Cluiche Ceannais Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear a chraoladh BEO go heisiach ar TG4. 

Is í Máire Ní Bhraonáin, iar-pheileadóir mór le rá na Gaillimhe a bheidh i mbun chlúdach Pheil na mBan beo TG4 a chur i láthair arís an séasúr seo amach romhainn. Brian Tyres a bheidh i mbun na foirne tráchtaireachta.

I dteannta na foirne tráchtaireachta beidh sainphainéalaithe lena n-áirítear iar-réaltaí Chorcaí Rena Buckley agus Rhóna Ní Bhuachalla, iar-imreoir den scoth Phort Láirge Michelle Ryan, iar-imreoir le hÁth Cliath Sinéad Finnegan, Peileadóir na Bliana reatha Imreoirí Sinsear TG4 Vikki Wall as Co. na Mí a bhain bonn amach i gcraobhchomórtas Sinsear na hÉireann 2021 chomh maith le himreoir Dhún na nGall Emer Gallagher.

Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe i bPort Láirge, a léireoidh clúdach TG4.

Cuirfidh TG4 clúdach beo ar fáil freisin de Chluiche Ceannais Sinsear Laighean TG4 idir Áth Cliath agus an Mhí i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo chugainn.

Tá ríméad ar an LGFA agus ar TG4 a dheimhniú chomh maith go mbeifear ábalta féachaint ar na cluichí eile go léir i gCraobhchomórtais na hÉireann TG4 nach mbeidh á gcraoladh ar an teilifís ar sheirbhís bheoshruthaithe an LGFA.

Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont

Thar ceann TG4 dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: "In 2000, measadh gur nithe iad Peil na mBan agus an Ghaeilge araon nach raibh mórán spéis ag daoine in Éirinn iontu.  Trí sheasamh le chéile inár gcomhpháirtithe le breis is 20 bliain, tá éirithe le LGFA agus TG4 rath agus stádas náisiúnta den scoth a bhaint amach, ag cur athrú ar an dearcadh sochaíoch sin.  

“Mar sin féin, tá go leor oibre fós le déanamh agus creidim go dtugann an comhaontú cúig bliana seo idir TG4 agus LGFA comhartha an-soiléir faoin díocas mór i gcomhar atá orainn cothroime níos fearr a bhaint amach.   

“Ba mhór an phribhléid agus pléisiúr dom a bheith ábalta oibriú le Mícheál Naughton agus Helen O’Rourke agus an fhoireann iontach atá aici d’fhonn an comhaontú seo a bhaint amach.  

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl chomh maith d’fhoireann TG4 agus d’fhoireann léirithe Nemeton TV go háirithe as a ndíograis, seachtain in ndiaidh seachtaine, chun an clúdach ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil ar an scáileán dúinn.”

Uachtárán Chumann Pheil na mBan Mícheál Naughton

Dúirt Mícheál Naughton, Uachtárán Chumann Pheil na mBan: “Táimid thar a bheith sásta an síneadh seo lenár gcomhpháirtíocht iontach le TG4 a fhógairt go ceann cúig bliana eile. 

“Ó shin i leith, tá cuidithe ag dúthracht agus díograis TG4 i leith Pheil na mBan an rath a chur ar an spórt go leibhéil nach bhfacthas riamh cheana. 

“D’fhreastail an líon is mó lucht féachana riamh ar Chluichí Ceannais na hÉireann TG4 agus bhí an líon is mó riamh lucht féachana ag féachaint orthu le déanaí - agus tá súil le Dia againn go leanfaidh an treocht sin agus muid ag breathnú chun cinn ar na cúig shéasúr eile seo i gcomhar le TG4." 

Seoladh oifigiúil Craobhchomórtas Pheil na mBan

Seoladh go hoifigiúil Craobhchomórtas Pheil na mBan 2022 TG4 i bPáirc an Chrócaigh inniu, Dé Mairt, áit a raibh ionadaithe ó na 32 contae atá páirteach i láthair san ionad ina reáchtálfar na cluichí ceannais ar Iúil 31. 

Cuirfear tús le Craobhchomortais na hÉireann TG4 2022 Dé Domhnaigh seo chugainn an 29 Bealtaine le cúig chluiche i gCraobhchomórtas Idirmheánach na hÉireann TG4. 

Ar na cluichí sin a chraolfar beo an lá sin tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Dún na nGall agus tabharfaidh Corcaigh nó Ciarraí aghaidh ar Ghaillimh. 

Is féidir na sonraí go léir a bhaineann le Craobhchomórtais na hÉireann TG4, lena n-áirítear na grúpaí agus na cluichí, a fháil ar láithreán gréasáin oifigiúil an LGFA: https://ladiesgaelic.ie/

 

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.