Is fada iomrá ar theach tábhairne Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair. I gclár a bhéas a chraoladh ar an
seachtú lá de mhí an Mheithimh craolfar agallamh léi ar Raidío na Gaeltachta. Cloisfidh muid scéal Theach Hiúdaí agus scéal saoil bhean an tí, Chití Uí Ghallchóir, a cuireadh i gcré na cille i mí an Mhárta i mbliana i rith an chláir seo.
Rugadh Cití Uí Ghallchóir ar an Tor i bParóiste Ghaoth Dobhair, agus i 1961 cheannaigh sí féin agus a fear céile Hiúdaí Beag an teach tábhairne clúiteach ar an Bhun Beag. Sa chlár seo labhrann sí féin agus a mac Hughie, atá i mbun an tábhairne anois, le Séamus Mac Géidigh faoi chuid de na scéalta is na heachtraí a tharla Tigh Hiúdaí le blianta anus.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.