Search

26 Jun 2022

Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga

Imeachtaí saor in aisce

Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga

Tá Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga ar siúl Dé Sathairn, Meitheamh 11. Tá sé mar aidhm ag Cruinnú deiseanna cruthaitheacha saor in aisce a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga ag ionaid ar fud an chontae.

Tiocfaidh Baile Dhún na nGall beo le cruthaitheacht óige idir 1r.n. agus 5 r.n.Tá bailte slachtmhara Bun an Phobail ag óstáil tráthnóna spraíúil le tóraíocht taisce agus ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ag Slí na Sláinte, Bun an Phobail.

Críochnóidh trá ghlanadh a bheidh ar siúl ag Trá Phort Arthur ar Meitheamh 8 le ceardlann ealaíne iarmhair de bhruscar díghalraithe a cruinneadh le linn an trá ghlanadh ag Ionad Pobail Machaire Rabhartaigh ar Meitheamh 11.

Tá imeachtaí ann don aois ghrúpa is óige i Dhún na nGall, mar shampla “Léamh, Déan Súgradh” le haghaidh aoiseanna 0-4 sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, léiriú amharclainne speisialta “Still Here” do dhaoine 3-6 bliana d'aois ag Amharclann an Ghrianáin agus an Seomra Céadfach ag Spraoi agus Spórt, Carn Domhnagh ar fáil do theaghlaigh le cur in áirithe.

Tabharfaidh ‘Garageland Galaxyz’, féile úr nua spreagúil atá ar siúl ar ful na tíre do cheoltóirí óga idir 12-18 d'aois cuairt ar an Ionad Cultúrtha Réigiúnach. Tá Garageland Galaxyz ar cheann de na himeachtaí is mó a thacaíonn le ceoltóirí óga Éireannacha i láthair na huaire. Tugtar cuireadh do theaghlaigh freastal ar an Ionad Cultúrtha Réigiúnach ar an lá chun féachaint ar na léirithe.

Ag labhairt thar ceann na foirne Cultúir agus Cruthaitheachta, dúirt Eileen Burgess, Bainisteoir Rannán Cultúir Dhún na nGall le Comhairle Contae Dhún na nGall:“Tá áthas orainn filleadh ar imeachtaí fisiciúla i mbliana tar éis sos fada. Tá nascadh ina cuid riachtanach chun an chruthaitheacht spreagúil. D'oibríomar go dian chun imeachtaí a thabhairt chuig an oiread áiteanna agus is féidir ar fud an chontae agus cé go bhfuil tábhacht mhór ag baint le imeachtaí a bheith curtha in áirithe roimh lá Cruinniú na nÓg, an chuid is mó de na háirithintí imeachtaí riachtanach, beidh deiseanna ar an lá fosta. 

“Arís i 2022 chuamar i gcomhairle le páistí agus le daoine óga i nDún na nGall agus chur muid ceist orthu goidé ba mhaith leo a fheiceáil, a dhéanamh, nó a thriail ar lá Cruinniú na nÓg, agus mar thoradh air sin beidh bácáil, STEM, ealaín, damhsa agus ceol ar siúl ar fud an chontae. Cuireadh pacáistí gníomhaíochta sa phost chuig teaghlaigh ar fud Dhún na nGall, bhí siad seo curtha in áirithe taobh istigh de am iontach ghoirid i ndiaidh an dáta scaoilte ar 24 Márta ach tá deiseanna fós ann glaoch ar do leabharlann áitiúil, Ionad Taobh Tíre, Músaem Chontae Dhún na nGall nó an tIonad Cultúrtha Réigiúnach chun “dráma cruthaitheach a thógáil suas Pacáiste ”ón 1 Meitheamh. Tá roinnt imeachtaí iontacha ar siúl ar fud na tíre agus tá na himeachtaí ar fad saor in aisce.”

Tá éagsúlacht mhaith de ghníomhaíocht ar siúl go háitiúil agus go náisiúnta agus is cinnte go mbeidh rud éigin ann do gach duine. Tá áirithint riachtanach don chuid is mó de na gníomhaíochtaí agus tá na háiteanna teoranta.

Tá an t -eolas go léir ar imeachtaí Dhún na nGall, chomh maith leis na sonraí áirithinte, ar fáil ó 1 Meitheamh ag wainfest.ie. Tá áirithint riachtanach don chuid is mó de na himeachtaí agus tá na háiteanna teoranta. Is féidir amharc ar imeachtaí agus tionscnaimh náisiúnta ag cruinniu.creativeireland.gov.ie/. Lean iad ar na meáin shóisialta ag @donegalcountylibrary ar Facebook agus @DonegalCountyLibrary ar Twitter.

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.