Tá na hullmhúcháin do dheireadh seachtaine cheiliúrtha agus athchaidreamh Choláiste na Carraige ar an 6ú agus 7ú Lúnasa faoi lánseol.
Tá daoine ar an Charraig, i nGleann Cholm Cille agus i gCill Chartha ag súil go mór le seoladh scéal spóirt Scoile 1950-2020 i gColáiste na Carraige ar an Satharn, Lúnasa 6, ag 7.30in.
In san leabhar, Scéal Spóirt Scoile, tá taifead ar scéalta spóirt ó Choláiste na Carraige / Gairmscoil na Carraige, scoil a bhfuil clú agus cáil uirthi mar gheall ar a cuid éachtaí pheil, cispheile agus lúthchleasaíocht ag ardleibhéal chumais thar na blianta.
Déanann an leabhar seo cur síos ar shealanna thuas agus sealanna thíos, faoi bhuanna agus faoi thubaistí, faoi chluichí ceannais Uladh agus faoi rásaí na trí gcos.
Tugann na hailt beocht do chairdeas, obair chrua, turais bhus, seisiúin amhránaíochta agus obair cóitseálaithe tiomnaithe. Tá súil ag na heagarthóirí go mbainfidh daoine taitneamh as an leabhar a léamh.
Chomh maith le seoladh oifigiúil an leabhair ar an Satharn 6ú Lúnasa, beidh an scoil oscailte ag 12in agus ar an Domhnach idir 2in agus 6in ag taispeáint sean-grianghrafanna agus earraí cuimhneacháin. Cuirfear críoch leis an Deireadh Seachtaine Ceiliúrtha Athchaidrimh le hoíche cheiliúrtha sa Blue Haven, a thosnóidh Dé Domhnaigh ag 9in.
Coinnigí súil ar an leathanach Facebook do Scéal Spóirt Scoile, Twitter @ScealSpoirt agus Instagram @scealspoirt le haghaidh nuashonruithe.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.