Search

25 Sept 2022

Deir an tAthair Ó Fearraigh gur onóir dó a bheith ceaptha mar shagart paróiste

Guíonn sé buíochas buan leis an Sagart Pádraig Ó Baoighill as a shaothar

Deir an tAthair  Ó Fearraigh gur onóir dó a bheith ceaptha mar shagart paróiste

An tAthair Brian Ó Fearraigh

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh gur mór an onóir do bheith ceaptha mar Shagart Paóiste i nGaoth Dobhair. “Is cinnte gur pribhléid mhór i domh an deis uasal seo a  fháil.  

Pobailscoil Ghaoth Dobhair

Bhain mé sult agus neart sásaimh as an seal a chaith mé ar fhoireann na Pobalscoile – tá scoláirí agus foireann iontach ann agus tréaslaím libh i bhur n-obair i ngort an oideachais”, a dúirt sé.

Guíonn sé comhghairdeachas agus buíochas buan ó chroí leis an Sagart Pádraig Ó Baoighill as a shaothar agus a sheirbhís i bhfíonghort an Tiarna i nGaoth Dobhair le fíche agus a hocht bliain agus guíonn sé gach ráth agus beannacht air le linn a scoir.  

fíorchaoin fáilte

Cuireann sé fíorchaoin fáilte roimh An tAthair  Brendan Ward  go Paróiste Ghaoth Dobhair agus is é  a ghuí go raibh ráth, bláth agus beannacht air ina chúraimí úra sa Phobalscoil agus i bParóiste Ghaoth Dobhair mar Shagart Cúnta.

An tAthair Seán Ó Gallchóir

Cuireann sé  fíorchaoin fáilte chroíúil abhaile go Gaoth Dobhair roimh an tAthair Seán Ó Gallchóir atá éirithe  as a chuid cúramaí  mar Shagart Paróiste i bPobal Chríost Rí, i nGort a’ Choirce. Guíonn sé go raibh an t-áthas agus an lúchair ag siúl leis agus é ag dul ar scor.

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.