Search

06 Sept 2025

Gairm le Gaeilge a chraoladh ag an BBC an Samhain seo

Gairm le Gaeilge a chraoladh ag an BBC an Samhain seo

Tá deis á fhail ag na mílte mac léinn na scileanna atá de dhíth orthu don phost ar mhían leo a fhoghlaim trí staidéar a dhéanamh ag Gael Chúrsaí.

Cuireann an coláiste teicniúil i lár chathair Bhéal Feirste raon cúrsaí ar fáil do mhic léinn a mhúintear trí mheán na Gaeilge ó osclaíodh é breis is deich mbliana ó shin. Bhunaigh Colma Mhic Aoidh Gael Chúrsaí i 2011 chun áit a chur ar fáil do phobal na Gaeilge chun a gcuid oideachais trí Ghaeilge a chur chun cinn i ndiaidh na meánscoile – an t-aon áit i dTuaisceart Éireann a dhéantar seo.

Is sraith dhá chlár é Gairm le Gaeilge a rinne TripleVision Productions do BBC Gaeilge, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, a leanann saol na macléinn ag an choláiste.

Le rochtain ag mic léinn, fostóirí agus teagascóirí, leanann an tsraith roinnt de na daoine óga sin atá cláraithe ar chúrsaí lena n-áirítear na meáin, cúram leanaí agus lónadóireacht. Tá sé mar aidhm ag an choláiste a thaispeáint do mhic léinn gur cuid bheo dá bpobal í an Ghaeilge, ní hamháin ábhar ar scoil, agus gur féidir leo leanstan ar aghaidh ag foghlaim agus ag obair trí mheán na Gaeilge.

Bliain thábhachtach í do Ghael Chúrsaí. Tá foireann úr agus áitribh úr le hullmhú. Tá Colma agus an fhoireann ag súil le níos mó mac léinn i mbliana agus mar sin bhí uirthi foirgneamh níos mó a aimsiú agus chomh maith le ranganna a mhúineadh, caithfidh an fhoireann obair go dian chun é a ullmhú in am don téarma nua.

Téarma tábhachtach atá ann do na mic léinn agus iad ag fáil amach cad é mar atá sé a gcuid scileanna a chur chun trialach sa domhan lasmuigh de thaití oibre.

Leanann an clár faisnéise breathnadóireachta na baill foirne freisin agus iad ag lorg an chéad ghlúin eile de mhic léinn chun leanstan lena gcuid staidéir. Tá sé iomaíoch le go leor roghanna do dhaoine óga ach braitheann rath an choláiste ar mhic léinn nua a chlárú.

Beidh Gairm le Gaeilge ar siúl Dé Luain, Samhain 6 ar BBC iPlayer agus BBC Two Northern Ireland, ag an 10in.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.