Strengthening Irish Language competence in Donegal County Council


The Council’s Scholarship Scheme is aimed at training staff to strengthen their language competence by spending a week in the Donegal Gaeltacht participating in Irish language courses and events
Donegal County Council has taken a significant step in strengthening the Irish language competency of its staff in the Council.
The decision to establish the Council’s Irish Language Scholarship Scheme was made in light of the language obligations that the Official Languages (Amendment) Act, 2021 places on Donegal County Council.
The Council’s Scholarship Scheme is aimed at training staff to strengthen their language competence by spending a week in the Donegal Gaeltacht participating in Irish language courses and events. Donegal County Council is cognisant of the statutory obligations it has to address under the Official Languages Act, 2021.
It also understands the rights of the public to conduct their business with the Local Authority through the medium of Irish, particularly in offices located in Gaeltacht areas.
An awards ceremony took place in the County House, Lifford. The successful applicants were in attendance when Leaschathaoirleach na Comhairle, Cllr Terry Crossan and Leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge, Cllr Martin Scanlon presented scholarships to nineteen members of staff.
Cllr Terry Crossan said it was a great honour for him to present the scholarships and congratulated each of the recipients in turn. He commended the Council for this worthy initiative and said it demonstrates the Council’s commitment to the Irish language.
Cllr Martin Scanlon said a scholarship scheme like this one is particularly important for both the Council and for the Gaeltacht areas in the county due to current pressures on Gaeltacht areas and likewise on the Irish language. Time spent in the Gaeltacht will strengthen staff’s confidence in engaging with the Irish language which will in turn strengthen the use of Irish both within and beyond Gaeltacht areas.
Successful applicants under the scheme will be attending a week-long course in Gleann Fhinne on Oideas Gael courses at the end of July and the beginning of August. They will attend Irish language classes and events throughout the week, allowing them the opportunity to get a deeper understanding of the Irish language and culture.
Staff selected for the scholarship will be required to give an undertaking to complete the course and, thereafter, to engage with the Irish language in the course of their work. This ensures that the Council receives value for the money spent on Irish language training of staff of Donegal County Council.
***
Cumas Gaeilge á neartú i gComhairle Contae Dhún na nGall
Tá céim shuntasach glactha ag Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le neartú cumais teanga sa Ghaeilge i measc a baill foirne sa Chomhairle.
Rinneadh an cinneadh Scéim Scoláireachta Gaeilge na Comhairle a bhunú i bhfianaise na ndualgas teanga atá le comhlíonadh ag Comhairle Contae Dhún na nGall, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Tá Scéim Scoláireachta na Comhairle dírithe ar oiliúint a chur ar bhaill foirne a gcumas teanga a neartú trí sheal seachtaine a chaitheamh i nGaeltacht Dhún na nGall i mbun cúrsaí agus imeachtaí Gaeilge.
Is maith mar a thuigeann Comhairle Contae Dhún na nGall na dualgais reachtúla atá le comhlíonadh aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021.
Chomh maith leis sin, tuigeann sí na cearta atá ag an phobal a ngnóithe a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil trí mheán na Gaeilge, go háirithe sna hoifigí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.
Bhí Ócáid Bhronnta na dTeastas ar siúl i gCeannáras na Comhairle Contae. Rinne buaiteoirí na scéime freastal ar an ócáid agus bhronn Leaschathaoirleach na Comhairle, An Clr Tarlach Ó Crosáin agus Leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge, An Clr Martin Scanlon scoláireacht ar naoi nduine dhéag de bhaill foirne na Comhairle.
Dúirt an Clr Tarlach Ó Crosáin gur onóir mhór dó na scoláireachtaí a bhronnadh ar bhaill foirne agus ghabh sé comhghairdeas le gach aon duine acu. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an chéim seo glactha ag an Comhairle agus go léiríonn sé tiomantas na Comhairle Contae i leith na Gaeilge.
Dúirt an Clr Martin Scanlon go bhfuil scéim scoláireachta mar seo tábhachtach don Chomhairle agus do na ceantair Ghaeltachta sa chontae cionnas go bhfuil an Ghaeltacht agus an Ghaeilge faoi bhrú. Is cinnte go neartóidh seal sa Ghaeltacht muinín na mball foirne an Ghaeilge a úsáid níos minice amach anseo agus go láidreoidh seo úsáid na Gaeilge... taobh istigh agus taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta.
Beidh an grúpa seo ag caitheamh seal seachtaine i nGleann Fhinne ar chúrsaí Oideas Gael ag deireadh mhí Iúil agus ag tús mhí Lúnasa. Beidh siad i mbun ranganna agus imeachtaí Gaeilge ar feadh na seachtaine agus is cinnte go bhfaighidh siad blaiseadh agus tuiscint mhaith ar an Ghaeilge agus ar chultúr na nGael.
Beidh ar na baill foirne a roghnaítear le haghaidh scoláireachta gealltanas a thabhairt go mbeidh siad rannpháirteach sa chúrsa iomlán agus go nglacfaidh siad le deiseanna an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre amach anseo.
Cinnteoidh sin go bhfaighidh an Chomhairle luach ar an airgead a caitheadh ar chúrsaí traenalá agus oiliúna trí Ghaeilge do bhaill foirne sa Chomhairle Contae.