Beidh baill de Choiste na Gaeilge sa Chomhairle agus oifigigh eile ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne i láthair fosta
Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.
Is é Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Cllr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig a dhéanfas Seachtain na Gaeilge sa chontae a sheoladh go hoifigiúil. Beidh baill de Choiste na Gaeilge sa Chomhairle agus oifigigh eile ó Rannóg na Gaeilge agus ón tSeirbhís Leabharlainne i láthair fosta.
READ NEXT: Donegal’s Viking House Hotel preparing to reopen ahead of St Patrick’s Day
Tá an fhéile seo, a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear ar an cheiliúradh is mó ar ár dteanga agus ar ár gcultúr dúchais. Tugann an fhéile deis do dhaoine sult a bhaint as imeachtaí Gaeilge a fhreastalaíonn ar achan chumas teanga - idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal.
Is bunscoil lánGhaelach í Gaelscoil na gCeithre Máistrí a bunaíodh sa bhliain 1999 chun freastal ar éileamh do bhunoideachas trí mheán na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall. Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin a bhuíochas don ghrúpa tuismitheoirí agus do na Gaeil sin a raibh fís acu ag an am. Ní raibh baile buan ag pobal na scoile go dtí gur tógadh foirgneamh úrnua anuraidh. Tá ról lárnach ag an scoil i mbuanú agus i neartú na Gaeilge i mBaile Dhún na nGall – baile atá i mbun próiseas pleanála teanga faoi láthair.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl go hIdirnáisiúnta ó 1 - 17 Márta 2026 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge beartaithe ag Rannóg na Gaeilge agus ag an tSeirbhís Leabharlainne sa Chomhairle Contae le cois grúpaí pobail eile ar fud Chontae Dhún na nGall. I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl beidh Ceardlann Garraíodóireachta le Deirdre Ní Bhraonáin, ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar le Myra Zepf agus Mr. Anto, Ceardlann Ríomheolaíochta do pháistí, an seó grinn ‘Gaelgháirí’ agus Ciorcail Chomhrá i roinnt d’Ionaid Seirbhísí Poiblí na Comhairle.
Moltar don phobal a bheith rannpháirteach sa cheiliúradh beag beann ar a gcumas Gaeilge. “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.
******
Launch of Seachtain na Gaeilge 2026 in Donegal
Seachtain na Gaeilge is soon approaching and Donegal County Council is delighted to announce that this year’s Seachtain na Gaeilge in Donegal will be launched in Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Donegal Town, on Thursday 26th February 2026 at 11.00am. Music, entertainment and refreshments will be provided.
Cathaoirleach of Coiste na Gaeilge, Donegal County Council, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, will officially launch Seachtain na Gaeilge in Donegal. Members of Coiste na Gaeilge alongside representatives from Rannóg na Gaeilge and the Library Service will also be in attendance.
This festival, which promotes the use of the Irish language in Ireland and abroad, is the greatest celebration of our language and culture. The festival offers people the opportunity to enjoy Irish language events that cater for all language abilities - from native speakers and learners to those ‘le cúpla focal’.
Gaelscoil na gCeithre Máistrí is an all-Irish primary school that was established in 1999 to meet the demand for primary education through the medium of Irish in Donegal Town. The school has gone from strength to strength since then, thanks to the group of parents and Gaeil who had a vision back then. The school community was without a permanent premises until last year when they moved into their new school building. The school plays a central role in the preservation and strengthening of the Irish language in Donegal Town - a town that is currently in the process of language planning.
Seachtain na Gaeilge will take place internationally from 1 - 17 March 2026 and an extensive programme of Irish language events has been organised by Rannóg na Gaeilge and the Library Service in Donegal County Council and by other community groups throughout County Donegal. Among the events taking place will be a Gardening workshop with Deirdre Ní Bhraonáin, a World Book Day celebration with Myra Zepf and Mr. Anto, a Computer Science workshop for children, the stand-up comedy show ‘Gaelgháirí’ and Conversation Circles in some of the Public Service Centres.
People are encouraged to participate in the celebration regardless of their Irish language ability. “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.