The students of Gairmscoil Chú Uladh staged a spectacular two-night production last week in the Balor in Ballybofey, of the popular school musical Back to the 80s. Please click on the arrows to go through the gallery
With their musical director, Kelli Nic Ruaidhrí at the helm, the students put on a vibrant and colourful production with a difference - hits like “Video Killed the Radio Star”, “Total Eclipse of the Heart”, and “Come on Eileen” – were all translated into Irish by Ms Mc Ruaidhrí for the show and remained as catchy as ever!
A dedicated and talented cast of students from several different year groups brought this high-energy, feel-good musical to life, and on both nights, the audience was thoroughly entertained with a first-rate performance from all.
It was an all-hands-on-deck affair with teachers Máistir Ó Gallachóir and Máistir Ó Mainín in cameo roles, and sound and props expertly covered by a second team of students. Many thank,s especially to Ms Nic Ruaidhrí for all her hard work, to the team in the Balor and to all the GCU staff members for their help in making this a truly unforgettable run!
*****
Gairmscoil Chú Uladh - Ceoldráma den scoth – Siúl siar ar na 80s!
Bhí dhá oíche dochreidte sa Bhalor ag pobal Ghairmscoil Chú Uladh nuair a chuir na daltaí agus a múinteoir ceoil, Kelli Nic Ruaidhrí an seó “Siúl Siar ar na 80s” ar an stáitse. Las na daltaí an t-ardán suas lena bhfuinneamh agus aicsean agus bhí na hits ó na 80s uilig ann – aistrithe go Gaeilge! Bhain an lucht féachána sult as an turas siar ag éisteacht le hamhráin ar nós Total Eclipse of the Heart, Never Gonna Give You Up, Footloose, Come on Eileen – léiriú bríomhar fuinniúil le mórán damhsa agus craic.
Tá idir bhriseadh croí, teacht aniar agus áthas le feiceáil sa dráma iontach seo. Is turas popcheoil siar go dtí na hochtaidí atá i gceist, suite in ardscoil i Meiriceá. Tá Corey Palmer (Séamus Ó Baoill) agus a chairde Kirk agus Alf (Finn Mac Ailín agus Pádraig Ó Dochartaigh) sa bhliain deireanach ar scoil. Tá Corey i ngrá le Tiffany (Aibhe Nic A’ Bhaird) ach tá croí s’aici istigh i Michael Feldman (Oisín Ó Mairtín) dúine de na cúl dudes a chrochann thart le Billy
(Seaghan Ó Baoill), Lionel agus Huey (Ciara Ní Ghallachóir agus Ella Nic Daibhidh). Baineann
Tiffany agus a cairde Cyndi (Dana Nic Giolla Chomhail) Melanie & Kimberley (Áine Ní Ghiobúin agus Niamh Nic Daibhidh) sult agus sonas as an tsaol i gcónaí.
Nuair a thagann cailín nua, Eileen (Aishling Nic Fhloinn) go dtí an scoil ligeann Michael air go bhfuil sé i ngrá léi. Bíonn a cara Jen (Ella De Brún) ag cur comhairle uirthi. Dár ndóigh tá fiabhras an ghrá ar mhúinteoirí s'acu fósta – Mr Cocker (Aidan Mac Gaoithín) agus Ms Brannigan (Réaltín Nic Monagail). Agus ní hamháin sin, tá cameos ag an múinteoirí GCU Pól Ó Gallachóir (reacaire) – agus Éanna Ó Mainín (Mister Miyagi a mhúineann karate)!
Is príomhcharachtar eile é Feargal McFerrin (Ethan Scota Mac Giolla Bhríde) agus lena cairde Laura (Katie Nic Monagail) agus Debbie (Jessica Nic Daibhidh) tá dul chun cinn le déanamh acu maidir le huachtarán scoile nua a toghadh!
B’iad Ellen Nic Giolla Chomhail, Amy Ní Chearúill, Neasa Ní Fheidh, Erin Nic Fhionntaigh, Alisha Ní Chnaimhsí, Dayna Ní Mhaolmhuaidh, Íosold Ní Mhaoinigh, Orla Nic an Ultaigh,
Lauren Nic a tSeachlainn, Annie May Nic Fhloinn, Madison Nic Fhloinn, Shauna Nic Fhloinn,
Darcie Ní Chathmhaoil, Teaghan Ní Chnaimhsí, Susie Ní Mhurchú, Shauna Nic Fhloinn, Leah Nic Daibhidh, Danielle Ní Thuairisc na baill den ghrúpa córach/damhsóirí agus bhí cóiréagrafaíocht agus ceol d’ardchaighdeán i gceist.
Idir cheol, damhsa agus craic d’imigh an oíche isteach róghasta agus bhí an Balor ag bogadh anonn ‘s anall le linn na hoíche speisialta seo!
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.