Search

26 Jun 2022

Cáide a bhí ar bun ag Mühlhausen i dTeileann?

Nazi sa Ghaeltacht ar TG4

I Nazi sa Ghaeltacht, clár faisnéise le TG4, fiosraíonn an t-iriseoir aitheanta Caoimhín Mag Aoidh faoin mhéid atá ar bun ag an An Dr Ludwig Mühlhausen, ar ball é den Pháirtí Naitsíoch, i nGaeltacht Thír Chonaill, roimh thús an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí iomrá spiaire air Mühlhausen agus bhíthear don bharúil gur bhféidir go raibh féidireacht ann go raibh sé bainte le plean ionradh a dhéanamh ar Éirinn. 

Maireann an chlár uair a chloig agus lena linn leanann Caoimhín aistear Mühlhausen, a bhí sa Ghaeltacht le seanchas a bhailiú ach a bhailigh eolas ann go rúnda ar bhain an Tríú Reich leas as le linn an chogaidh. 

Thug an t-Ollamh Mühlhausen a chuid Ghaeilge chun foirfeachta i dTeileann agus bhí sé le tarraingt ar an Ghaeilge sin chun bolscaireacht a chraoladh ón Ghearmáin go hÉirinn le linn an Dara Cogadh Domhanda. Leanann Caoimhín i gcoiscéimeanna an ollaimh go Beirlín, áit a nochtann sé an fhírinne scáfar faoin scoláire Gearmánach a bhí mar Lord Haw Haw na Gaeilge agus bhí ina oifigeach maisithe de chuid an SS.

Chuala Caoimhín raflaí faoi spiaire Naitsíoch a bhí ar obair i dTeileann i nDeisceart Thír Chonaill ó thosaigh sé féin ag caitheamh ama sa cheantar breis agus dhá scór bliain ó shin. Dála Chaoimhín, bhí Mühlhausen ansin le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge féin ach bhí muintir na háite i gconaí in amhras faoi na fáthanna a raibh an Gearmánach ann. Níor cheil Mühlhausen go raibh sé ina Nazi tiomanta agus labhair sé go hoscailte faoin dímheas a bhí aige ar an easpa fiontraíochta sa phobal, ar neamhfheidhmiúlacht na nÉireannach i gcomparáid leis na Gearmánaigh agus ar a gcuid nósanna mí-éifeachtacha talmhaíochta agus iascaireachta, dar leis. 

Dúirt Caoimhín: “Bhí mé ag iarraidh a fháil amach an raibh fírinne ar bith sna raflaí seo faoin Nazi sa Ghaeltacht, mar sin thosaigh mé ag taiscéaladh, ag labhairt le muintir na háite, ag cur ceisteanna agus ag fiosrú foinsí eagsúla. De réir a chéile bhí mé ábalta an scéal iomlán a nochtadh. Nuair a thosaigh mé ar mo thuras níor shíl mé go bhfaighinn amach go raibh Mühlhausen chomh tiomanta agus a bhí don Naitsíochas. Tá an plota seo mar a bheadh scéinséir mistéire faoin Dara Chogadh Domhanda ann, ach is fíor scéal atá ann. Ceann de na chéad rudaí a rinne sé nuair a bhí sé socraithe i dTeileann ná pictiúir mór de Hilter a chur in airde sa seomra leaba s’aige. Ghlac sé grianghraif ar fud an cheantair agus d’úsáid sé tromán luaidhe le doimhneacht Chuan Theilinn a thomhas. Rith sé le muintir na háite ina dhiaidh sin gurbh fhéidir go raibh sé ag iarraidh a fháil amach an mbeadh an áit óiriúnach d’fhomhuireáin a theacht isteach.”

Sa chlár seo, tugann Caoimhín an scéal Conallach seo chun solais den chéad uair, agus é ag caint le staraithe, le bunadh Theilinn agus le saineolaithe míleata.

Cuireann sé tús lena thuras ag na haillte ag Sliabh Liag i dTír Chonaill sula dtaistealaíonn sé go dtí an Chartlann Mhíleata i mBaile Átha Cliath, áit a n-aimsíonn sé comhad rúnda ar Mühlhausen a chuir seirbhís faisnéise na hÉireann i gceann a chéile le linn an chogaidh. Ansin leanann sé Mühlhausen go Beirlín, áit a nochtann sé cáipéisí nach bhfacthas roimhe a léiríonn saothar an Ghearmánaigh i múnlú phlean na Naitsithe d’Éirinn. Dá dhoimhne a théann Caoimhín isteach sa scéal is amhlaidh is iontaí agus is scanrúla a éiríonn sé. 

Craolfar Nazi sa Ghaeltacht Dé Chéadaoin an 22ú Meitheamh ar TG4 ar 21.30.

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.