Neart ócáidí dheasa eagraithe ar son Rónán Mac Aodh Bhuí

Dorn san aer do Rónan Mac Aodh Bhuí
Tá neart ócáidí a reáchtáil i nGaoth Dobhair ar son an chraoltóir Rónán Mac Aodh Bhuí atá ag troid leis an Ailse, le ceithre bliana anuas.
Beidh ceolchoirm ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair, Dorn san Aer do Rónán, ar an 10ú Márta. Beidh go leor do chuid cairde Rónáin ag gabhail ar an stáitse ar an oíche, Emma Ní Fhiosuisce, Cór Thaobh a' Leitheid, Ciarán Mac Fheidhlimidh, an file agus údar, Máire Dinny Wren, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Ciarán agus Gearóid Ó Maonaigh, Sheila Friel, Cathal Ó Curreáin agus Clann Mhic Ruairí.
Más mian leat tacú le ciste tacaíochta Rónáin, is féidir síntiús a thabhairt anseo.
Ina theannta sin, ar an Satharn, Márta 11 beidh siúlóid sléibhe ann. Beidh an siúóid 7km ar fhad agus bíodh cinnte go mbeidh an t-éadach ceart leat. Gheobhaidh daoine tuilleadh eolais faoin siúlóid ó Aodán Ó Cearbhaill.
Ar an 9 a chlog an oíche sin beidh oíche dheas i dteach Hiúdaí Beag. Beidh taille €10 ar an doras. An lá dar gcionn beidh seisiún ceoil sa teach céanna.