Oileán Thoraigh
Ag Cruinniú Cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo, thug an Bainisteoir Ceantair Bóithre, Breandán Mac Pháidín, eolas do bhaill an choiste maidir le réamh-obair atá ar siúl chun feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre oileánda neamhchontae don bhliain 2022. Tá tairiscintí eisithe agus táthar ag súil le freagraí ar ais sna seachtainí amach romhainn.
Le roinnt blianta anuas, tá aird á díriú ar an bhail atá ar Bhóithre Neamhchontae ar na hoileáin amach ó chósta i nDún na nGall.
At the Glenties MD Committee meeting this week, the Roads Area Manager, Brendan McFadden, briefed the committee members on preparatory work that was underway for improvements to non-county island roads for 2022.
— Donegal County Council (@donegalcouncil) April 14, 2022
Full details - https://t.co/1KIRk06bEr#Donegal #YourCouncil pic.twitter.com/pOLtIwGNFA
Le tacaíocht agus le comhoibriú idir ionadaithe de chuid na noileán, comhairleoirí tofa agus oifigigh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, d’ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall polasaí, agus ghlac leis, le haghaidh bóithre oileánda, i 2021.
Is é cuspóir an pholasaí seo ná ligint don chomhairle seilbh a ghlacadh ar bhóithre oileánda neamhchontae, a bhí in úsáid ag an phobal, i ndiaidh don roinn aontú chun oibreacha dromhchla a mhaoiniú ina n-iomláine sula nglacfaí seilbh ar na bóithre.
Bhí oifigigh de chuid na roinne agus na comhairle i dteagmháil lena chéile go luath i 2022 chun bóithre a aithint a bheadh incháilithe faoin pholasaí úr seo, agus mar thoradh air sin fógraíodh maoiniú de €2.09 milliún ar Márta 9.
Beidh 14 bhóthar neamhchontae a chóiriú, rud a rachaidh go mór chun sochair an phobail áitiúil agus turasóirí a bheas ag teacht ar cuairt chuig na hoileáin.
D'fháiltigh an Clr. John Shéamais Ó Fearraigh, atá ina bhall den Choiste Beartas Straitéiseach do Bhóithre agus Iompar (CBS) agus a rinne cathaoirleacht ar fhoghrúpa an CBS a d’ullmhaigh Polasaí Bóithre Oileánda na Comhairle roimh an dul chun cinn.
Luaigh sé gur ‘toradh iontach é an maoiniú úr seo do na hoileáin amach ó chósta agus gur sampla maith é de chodanna éagsúla den chomhairle a bheith ag comhoibriú go maith lena chéile. Pléadh an cheist den chéaduair ag cruinnithe de chuid Choiste na nOileán, le tacaíocht ó Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach, agus cuireadh ar aghaidh é chuig an CBS Bóithre trí Ghrúpa Polasaí Corparáide na Comhairle. D’ullmhaigh an CBS an polasaí, ar ghlac an chomhairle iomlán leis níos moille, agus tá maoiniú de €2.09 milliún faighte anois dár gcuid oileán agus tá muid ag súil go leanfar leis seo sna blianta amach romhainn.’
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.