Search

11 Aug 2022

Oscailt oifigiúil inniu ar dhá ionad úr gteic sa chontae

Rinne an tAire Heather Humphreys dhá ionad nua gteic a oscailt go hoifigiúil inniu

Oscailt oifigiúil inniu ar dhá ionad úr gteic sa chontae

Is í an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather
Humphreys, T.D., a d'oscail dhá ionad úr gteic go hoifigiúil inniu. Thug an tAire cuairt ar dtús ar an gteic úr ar an Charraig Airt, atá á fhorbairt i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall - an séú
gteic sa chontae.

Ina theannta sin, rinne sí an oscailt oifigiúil ar Leibhéal 2 de gteic Ghaoth Dobhair, an dara
cuid den fhorbairt ar mhol digiteach Ghaoth Dobhair, gur dearnadh forbairt air le maoiniú
faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Tá an dá ionad gteic mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os
cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach le leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt ag Údarás
na Gaeltachta in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Tá sé i gceist 3 cinn eile a oscailt amach anseo i nGaeltacht Dhún na nGall.

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.