Ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh ar Thoraigh don chéad uair riamh ar an Aoine, d’aontaigh an bord go gceadófaí maoiniú le mol digiteach gteic a fhorbairt ar an oileán. Is é Comharchumann Thoraí Teo a bheas ag reáchtáil an mhoil nua seo, a bheas forbartha in aice leis an Ionad Pobail ar an oileán.
Táthar ag súil go mbeidh éileamh maith ar na deascanna sealaíochta a chuirfear ar fáil ann ó ghnóthaí nuabhunaithe agus ó chianoibrithe, go háirithe i bhfianaise an mhéaduithe mhóir atá tagtha ar chianoibriú le cúpla bliain anuas.
Beidh an áis á húsáid chomh maith mar spás pobail agus cruinnithe.
Beidh an dá gteic nua seo ar chinn de 30 mol digiteach nuálaíoch atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. Tá an gréasán gteic lárnach do Straitéis Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás tiomanta do chumasú na bpobal Gaeltachta, le go mbeidh deiseanna oibre agus fiontraíochta acu ina bpobal féin.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.