Pierce Brosnan ag caitheamh ama i nGaeltacht Ghaoth Dobhair

Tá réailt Hollywood sa chontae ag scannánaíocht Four Letters of Love
Is i dteach Jack ar an Ghlasaigh i nGaoth Dobhair a chaith réalt do chuid Hollywood an Domhnaigh. Bhí go leor do mhuintir na háite ag caint leis an réalt, Pierce Brosnan, agus ag fáil a gcuid pictiúr tógtha leis ina measc siúd bhí Eileen Mc Callion ó Theach Jack.
Chonacthas an réalt chomh maith i bPairc Naisiúnta Ghleann Bheatha chomh maith an tseachtain seo.
Tá Peirce Brosnan sa cheantar siocar go bhfuil an scannán Four Letters of Love a thaifead i gceantreacha áirithe thárt timpeall na contae. Chaith fear na hUaimhe am chomh maith sna Dunaibh ag siopadóireacht agus ag ól caife an tseachtain seo.
Is minic a feictear réailt mhóra do chuid Hollywood sa chontae. Anuraidh bhí Liam Neeson sa chontae nuair a rinneadh The Land of Saints and Sinners a thaifead i nGleann Cholmcille, i gCill Chartha agus ar an Charraig agus sna ceantracha maguaird.