Search

28 Oct 2025

Féile dramaíochta úr ar na bacáin i nGaoth Dobhair 

Dramaí nua-scríofa ar an stáitse i nGaoth Dobhair

Féile dramaíochta úr ar na bacáin i nGaoth Dobhair 

Tá Amharclann Ghaoth Dobhair ag eagrú Féile Dramaíochta úr i nGaoth Dobhair i mí Deireadh Fómhair. Beidh trí dhráma nua-scríofa ar an ardán le linn na féile, atá ar siúil Dé hAoine, an 20ú lá agus Dé Sathairn an 21ú, ag tosnú ar an 8i.n. ar an dá oiche.

Beidh An Bhaintreach, dráma grinn nua scríofa le Nuala Ní Mhaolchulainn  a chur i láthair ag Aisteoirí na Mainséar ar an Aoine chomh maith le dráma nua-scríofa eile a chur i láthair ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Iomrallach,  dráma grinn le hEoghan Mac Giolla Bhrighde. Ansin, ar an Satharn beidh Idir na línte, dráma le téama atá trom, le hAodh Mac Eachmharcaigh a chur i láthair ag Aisteoirí an Ghaoith. Níl an drama seo oiriúnach do pháistí.

Is iad seo na chéad drámaí atá scríofa ag Nuala agus Aodh agus le tacaíocht agus spreagadh ón Amharclann agus Aisteoirí Ghaoth Dobhair bunaíodh dhá ghrupa úra Aisteoirí chun na drámaí seo a léiriú.   

Is é Diarmuid de Faoite moltóir na féile. Rugadh agus tógadh Diarmuid in Inis, Co. an Chláir. Thosaigh sé ag plé le cúrsaí aisteoireachta agus scríbhneoireachta ar bhonn gairmiúil mar chuid den chompántas taistil amharclainne, Na Fánaithe, i ndeireadh na 80idí.

I dtús na 90idí bhog sé go RTÉ agus as sin siar arís  go dtí an Iarthar nuair a cuireadh tús leis an stáisiún nua teilifíse TnaG/TG4, agus an sobaldráma Ros na Rún.

In 2001, bhunaigh sé a chomhlacht féin, POC productions, chun tabhairt faoi thograí amharclainne ar leith in éindí leis an stiúrthóir, Paul Brennan. Ba iad Pádraic Ó Conaire agus Paris, Texas an dá dhráma is mó cáil uaidh ón tréimhse sin.

Ceapadh é ina fheidhmeannach drámaíochta le hAcadamh na Ollscolaíochta Gaeilge mar a chaith sé trí bliana ag forbairt cúrsaí taibhealaíona. Idir an dá linn cháiligh sé ina dhrámateiripeoir agus bhíodh sé ag múineadh ar an chúrsa drámateiripe in Ollscoil Mhá Nuad go dtí  gur tháinig deireadh leis an chúrsa sin, i 2014. Ó shin i leith is ag plé leis an scríbhneoireacht chruthaitheach agus leis an aisteoireacht a bhíonn sé trasna chuile mheán.

I measc na dtograí scríbhneoireachta is déanaí uaidh tá an dráma fada stáitse, Nóra, bunaithe ar Nóra Mharcuis Bhig le Pádraic Ó Conaire, an fadscannán, Finky, comhscríofa le Dáthaí Keane agus an ceoldráma don stáitse agus don raidió, The Playboy of The Western World – The Musical, scríofa in éineacht le Justin McCarthy. Rinne sé forbairt ar shráith scéalaíochta do pháistí, Tuath Dé Danann, do RnaG, i gcomhpháirt le Mairéad Uí Dhomhnaill.

Is iomaí aoi-léacht, ceardlann agus caint a thug Diarmuid in institiúidí acadúla agus ealaíne ar fud na hÉireann agus thar lear agus tá tréimhsí cónaitheacha caite aige suas síos cósta thiar na hÉireann agus ar an mór-roinn chomh maith.

Beidh duaiseanna a bhronnadh ar an tSatharn ag deireadh na h-oíche. Tá seacht nduais le bronnadh,-  Scoth Léiriú na Féile, An t-Aisteoir is Fearr, An Script Nua is Fearr agus ceithre Dhuais an Mholtóra. Tá Féile Drámaíochta Ghaoth Dobhair urraithe ag Foras na Gaeilge.

Tá na ticéid le fáil san Amharclann ar chostas €15 oíche Aoine agus €15 oíche Shatharn. Is féidir ticéad a cheannacht don dá oíche ar  €25. Is feidir do thicéad a cheannacht san Amharclann nó le suíochán a chur in áirithe cuir glaoch ar  074 95 31611 /  085 8623451 idir an 11r.n. agus an 4i.n. Luan go hAoine. Bígí linn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.