Beidh an Ghaeilge sa Ghleann a reachtáil i Scoil an Mullán Mór sna Gleannta


Beidh deireadh seachtaine de cheol, craic, filíocht, scéalaíocht agus amhránaíocht ar siúl le linn an deireadh seachtaine sa ghleann
Beidh an Ghaeilge sa Ghleann a reachtáil i Scoil an Mullán Mór sna Gleannta, i nDún na nGall, ar an tríú agus ceathrú lá de mhí an Mheithimh.
Cuirfear tús leis an deireadh seachtaine le rang Gaeilge ón 10rn go dtí an haon a chlog maidin Dé Satharn. Beidh ranganna Gaeilge labhartha do dhaoine fasta, tosaitheoirí, meán agus ardchaighdeán ar fáil. Beidh tae agus ceapairí curtha ar fáil san Glen Tavern, Na Grianáin, Na Gleannta ina dhiaidh agus beidh luacht €5 an duine ar seo.
Beidh ceolchoirm i Halla Éadain Fhionn Fhraoich agus beidh scéalaíocht le hEithne Ní Ghallchobhair, ceol leis an amhránaithe Antaine Ó Farracháin, léiriú agus caint le Conall Mac Seáin agus filíocht le Colette Ní Ghallchobhair ar siúl ar an Satharn ar an 5 a chlog. Beidh neart ceol traidisiúnta ón cheantar le cloisteáil i rith an deireadh seachtaine chomh maith.
Beidh turas go Carn na hÉin ann maidin Dé Domhnaigh at tosnú ar 10.30.
Beidh seisiún ceoil, amhránaíochta agus scéalaíochta sa Glen Tavern, Na Grianáin ón 9 a chlog ar aghaidh.