Search

26 May 2022

Clár nua ceoil ag Ciarán Ó Maonaigh ar RTÉ RnaG

Clár nua ceoil ag Ciarán Ó Maonaigh ar RTÉ RnaG

Tá sé fógartha inniu ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil an ceoltóir iomráiteach as Tír Chonaill, Ciarán Ó Maonaigh, le clár ceoil nua a chur i láthair ar an stáisiún, ag tosú ar Aibreán 28.   

Ceol a’Ghleanna an teideal a bheas ar an gclár, a chraolfar gach Déardaoin ag 7in. Rogha ceoil Chiaráin a bheas le cloisteáil ann, ábhar cartlainne agus ábhar comhaimseartha san áireamh, ó laochra móra an cheoil thraidisiúnta, agus beidh bá nádúrtha le ceol Thír Chonaill ar ndóigh.

    

Dúirt Ciarán Ó Maonaigh: “Is onóir mhór domhsa, agus Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh caoga bliain ar an aer i mbliana, clár ceoil a chur i láthair as Tír Chonaill le mo rogha de na hamhráin agus den cheol is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé ag éisteacht leis an raidió ó bhí mé i mo ghasúr óg." 

Is ceoltóir agus stiúrthóir teilifíse é Ciarán Ó Maonaigh, as Gaoth Dobhair ó dhúchas.  Tagann sé ó theaghlach atá sáite sa cheol, agus bhí tionchar mór aige sin air, go háirithe a athair mór agus a mhúinteoir ceoil Francie Mooney, agus baill Altan, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy.  Bíonn Ciarán ag obair mar cheoltóir aonair, agus i gcomhar le ceoltóirí eile, go háirithe a bhean chéile Caitlín Nic Gabhann, ceoltóir consairtín agus damhsóir.  Tá sé ina bhall freisin de The High Seas, le Caitlín agus Cathal Ó Curráin, agus den ghrúpa Fidil le Aidan O’Donnell agus Damien McGeehan, agus tá ceithre halbam curtha amach acu siúd le chéile.  

Bronnadh an gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 air sa bhliain 2003.  Tá cuid mhór oibre déanta ag Ciarán san earnáil teilifíse, cláracha faisnéise ceoil go háirithe. Bhí sé ina stiúrthóir ar chúig shraith den chlár ‘Sé mo Laoch faoi laochra an cheoil thraidisiúnta a craoladh ar TG4, agus rinne sé  obair stiúrtha ar an gclár faisnéise Francie Mooney – Áit i Mo Chroí.     

Dúirt Damien Ó Dónaill, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt: “Tá muid iontach sásta a bheith ag cur leis an chraoladh atá againn as RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall leis an chlár úr ceoil seo, agus gur ceoltóir cumasach aitheanta cosúil le Ciarán Ó Maonaigh a bheas ina bhun. Tá borradh mór faoi chúrsaí ceoil sa chontae seo agus tchínn muid sin ar leac an dorais againn anseo agus an obair mhór atá déanta ag an Chrann Óg leis an aos óg.  Tá muid ar maos sa cheol le grúpaí ar nós Clannad, Altan, Clann Mhic Ruairí agus The High Seas i measc go leor eile, agus tá muid ag súil anois le níos mó de cheol na gConallach agus Chúige Uladh a chloisteáil sa chlár úr seo le Ciarán.” 

Beidh Ceol a’Ghleanna le cloisteáil gach Déardaoin ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú ar  Aibreán 28.  

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.