Beidh Feis Thoraí agus Féile Jimmí Mhairí Bhillí ag tarlú ar an oileán idir Bealtaine 13 agus 14. Ceiliúradh bliantúil ar oidhreacht shaibhir na hamhránaíochta i dToraigh. Ar an Aoine, beidh oíche airnéail leis an cheoltóir Máire Ní Choilm agus a cairde sa chlub ar a 10in.
Ar an Satharn, beidh ceardlanna san amhránaíocht ar an tsean nós don aos óg agus do dhaoine fásta san tionad pobail. Beidh deis ann amhráin a thógáil ó amhránaithe breátha an oileáin. Beidh comórtas aithriseoireachta agus amhránaíochta do dhaoine óga agus comórtas amhránaíochta do dhaoine fásta.
Beidh céilí le Máirtín Ó Dubhgáin agus amhránaíocht in óstán Radharc na Céibhe ar 10in.
Tuilleadh eolais anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.