Search

25 May 2022

Céard é an t-amhrán sean-nóis is fearr atá cloiste acu ar Raidió na Gaeltachta

Ceiliúradh ar an saibhreas atá i gcartlann RTÉ RnaG don 50 bliain

Céard é an t-amhrán sean-nóis is fearr leo atá cloiste acu ar Raidió na Gaeltachta

Seán Ó Mainnin

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana, agus mar chuid den cheiliúradh sin tá sé beartaithe ag an stáisiún rogha den cheol agus den amhránaíocht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na héisteoirí ó 1972 a chur ar fáil mar albam. 

Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ar 2 Aibreán 1972 agus tá an stáisiún fréamhaithe sa chultúr Gaelach ón gcéad lá.  Déanfaidh an t-albam seo ceiliúradh ar chuid lárnach den chultúr sin, an ceol agus na hamhráin, atá ag croílár chraoladh an stáisiúin.

Beidh trí dhlúthdhiosca san albam – ceann amháin atá dírithe ar an amhránaíocht ar an sean-nós, ceann amháin atá dírithe ar an gceol traidisiúnta, agus ceann eile dírithe ar amhráin a cumadh ó 1972 i leith.

  

Is rogha na n-éisteoirí a bheas le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí seo, mar sin tá RnaG ag cuartú moltaí an phobail.   

Tá siad chun díriú ar dtús báire ar an amhránaíocht ar an sean-nós, agus ba mhaith leo go dtiocfadh an pobal i dteagmháil leo le rá leo céard é an t-amhrán sean-nóis is fearr leo atá cloiste acu ar Raidió na Gaeltachta?   

Is féidir litir a chur sa phost chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, nó é a chur chucu ar ríomhphost rnag50@rte.ie as seo go dtí 11 Márta don rogha amhrán ar an sean-nós.   

Ina dhiaidh sin, breathnóidh siad ar an dá dhlúthdhiosca eile ceann ar cheann, agus coinneoidh siad an pobal ar an eolas nuair a bheas moltaí dóibh siúd ag teastáil.  

Is faoi choiste de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheas sé an rogha deireanach a dhéanamh, bunaithe ar rogha an phobail.  Tá sé i gceist go mbeadh ionadaíocht ó na Gaeltachtaí uilig san áireamh sa rogha, agus amhránaithe fir agus ban dar ndóigh.   

Is iad Cló Iar-Chonnacht a chuirfidh an t-albam i gcló, agus beidh sé ar fáil freisin le híoslódáil i bhfoirm dhigiteach.  

Tá breis eolais le fáil ag rte.ie/rnag. 

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.